Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)

Suíomh:
An Coimín, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 015

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 015

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cuimín
  2. XML Leathanach 015
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Freagra:- Iolar a bhi ar lorg bidhe agus fuair sí mar d'fhág sí an chat sa nead agus d'imthigh sí fhéin. D'ith an chat na h-éanacha óga agus thainic sí abhaile.
    Caidé chuireanns tú i mbarraile le é a dheanamh níos éadtroma?
    Freagra:– Poll.
    Bíonn sé sa mhóinfear agus ní bhaintear é, bíonn sé sa t-siopa agus ní dhíoltar é?
    Freagra:- Solus na gréine.
    Rith mé agus fuair mé é, chuartuigh mé agus ní fhuair mé é, dá bhfághainn é ní thabhairfinn liom é agus nuair nach bhfuair mé é thug mé liom é?
    Freagra:- Dealg.
    Thainic sé isteach ar ghualnaibh daoine agus chuaidh sé amach mar shnáithín síoda?
    Freagra:- Móin.
    Tchím-sa é agus ní fheiceann tusa é agus is giorra duit-se é nó damhsa?
    Freagra:- Cúl do chinn.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Cheallaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    An Clochán, Co. Dhún na nGall