Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 043
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí dhá fhear ag dul go dtí aonach lá amháin.”
Bhí dhá fhear ag dul go dtí aonach lá amháin. Tháinig an oidhche ortha agus chonnaic siad solus beag i bhfad uatha agus thairring siad air. Chuaidh siad isteach go dtí an teach agus diarr siad lóistín ar fhear an toighe. Thug sé an lóistín dóbhtha. Shuidhe siad síos. D'éirigh fear an toigh agus thaisbean sé leabhaid dóbhta le luighe uirthi. D'éirigh siadsan agus bhain siad dhiobtha a chuid eadáigh agus chuaidh a luighe.
Shuidhe fear an toighe go dtí go rabh siadsan ina gcodladh. D'éirigh fear an toighe annsin agus chuaidh sé amach fa choinne uisge. Nuair a tháinig sé isteach chuaidh sé suas go dtí an tábla leis an uisge agus d'fág ar an tábla é. Chuaidh sé isteach go dtí an ait a rabh na fir na luighe tháinig sé arais agus fuair sé sgian.
Chuaidh sé arais agus an sgian leis agus mharb sé an dhá fhear thairring sé iad amach as an leabhaid agus amach go dtí an t-sráid léobta.
Rinne sé poill dobhtha agus chuir an bheirt isteach sna poill. Líon sé an phoill annsin tháinig sé isteach agus fuair dhá céad punntaí ina gcuid pócaí. Ghlan sé an teach agus lá thar-na mhárach chonnaic daoine na háite an poll agus d'fhosgail siad é agus fuair an dhá fear. Tugadh go dtí an dlighe é agus crochadh é.- Bailitheoir
- Pádruig Mac Giollachaoil
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Tóin Dubh (Thompson), Co. Dhún na nGall