Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 057
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí bheirt buachaill ann aon uair amháin darbh ainm Seán agus Seón. Rinne siad suas a ninntín a dul ar fastughadh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)as. Toisigh an dhá fhear deag dhá bhualadh le suistí acht theip ortha é a chuir amach diarr siad ar Seón cuidiú leobhtha. Chuidigh, annsin chuir siad amach é. Phill siad agus thug siad mála óir dó Sheón.
Chualaidh Seán go bhfuair Seón mála ór. Dubhairt sé go bhfanochadh sé ann fosta. An chéad oidhche thainic dhá fhear dhéag isteach agus cómhnáir leobhta bhain siad an clár dé agus thainig fear mór dubh amach as, thoisigh siad dá bhualadh le suistí d'íarr siad ar Seán cuidiu leobhtha. Dubhairt Seán nach gcuideochadh acht go suidheadh sé ag coimhead ortha. Chuir siad amach an fear dubh thionntuigh siad arais agus thug siad leath mharbhadh ar Sheáin. Chuaidh sé abhaile agus d'fan sé ann go bhfuair sé bás. Is minic a dubhairt sé 'na dhiaidh sin, tugadh Seón amadach ar mo deabhrathar agus Seán críonna orm-sa. Acht is mise bhí amadach agus Seón a bhí críonna.- Bailitheoir
- Peadar Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Coimín, Co. Dhún na nGall