Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 078
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ag teacht un na habhna dó mhothuigh sé na fir ag scairtigh. Chonnaic sé go rabh siad i gcontabhairt agus gan a chuid éadaigh a bhaint de, léim sé isteach le tarrtháil a thabhairt ortha acht báidheadh an triúr.
Oidhche na gaoithe móra Nodhlag 23ad 1894:- Marbhughadh beirt as Curacha Muadhain an oidhche sin. Bhí siad indhiaidh bheith ag airneal agus bhí siad na suidhe ag an teinidh ag cathadh toit sul a rachadh siad a luighe.
Bhí an chuid eile uilig na luighe ins an t-seomra. Bhí crann fuinnseóige ag binn an toighe. Thainig rois amháin gaoithe móire agus leag sí an crann agus thainig an crann ar bhinn an toighe agus tuit sé isteach ar na fearaibh agus marbhughadh iad. Deirtear gur doigheadh fear amháin aca.- Bailitheoir
- Pádraig Ó Muighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ailt an tSneachta, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Muighe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Ailt an tSneachta, Co. Dhún na nGall