Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 080
- XML “Oíche Shamhna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus cuirtear a lán rudaí ann mar atá:- fáinne, mearacan, píosa lasan, cnaipe, leath-raol nó raol. An té a ghéibheann an fáinne deirtear go bpósfar é, an té a géibheann an lasan deirtear go gcaillfear é, mas cailín a ghéibheann an méaracan nó an cnaipe deirtear go bpósaidh sí tailliúr agus an té a géibheann an t-airgead deirtear go mbéidh saidhbhreas aige.
Ní h-eadh an seort seo suipéar a bhíodh aca i bhfad ó shoin. Go dtí ar na fíor-mallaibh, badh h-é an gnás suipéar brúightín a ghlacadh Oidhche Shamhna. Cuirtí im i gcomhnuidhe thríd agus bíodh snathadh báinne ar chlár, agus d'fhéadfá a rádh gur scoith suipéar a bhí ann.
B'iomdha geasróg a bhain dó'n tSamhain. An t-óigh-fhear ar mhaith leis fághail amach cia an bhean a bhí i ndán dó caithfeadh sé a ghabháil go bun trí gcríochann agus a léine a nighe i sruthan abhí ag snighe soir. Annsin d'fháiscfeadh sé an ball-éadaigh a's bhainfeadh an baile amach. Ar uair an mheadhon oidhche chaithfí an léine a chuir ar chúl cathaoireach leis an teinidh.
Rachfadh an t-óig-fhear a luighe annsin i leabaidh na clúdach, agus dá dtéigheadh aige fanacht muscailte 'tchífeadh sé samhailt na mná a bhí órduighthe dó 'tchífeadh sé í ag teacht 'un tosaigh a's ag tionntodh na léineadh. An cailín a raibh an pósadh ag déanamh buaidheartha dí ní raibh aici acht a ghabháil amach 'un an sciobóil ar an meadhon oidhche, súiste a tharraingt uirthí fhéin, punnann arbha a bhualadh, a's annsin an punnann a chaitheamh in aice an doras. An céile fir a bhí le bhéith aici(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Faisnéiseoir
- Proinnseas Ó Gallchobhair
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Garraíodóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)