Scoil: Maol Raithnighe

Suíomh:
An Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
An tSiúr Philomena
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0088, Leathanach 157

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0088, Leathanach 157

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol Raithnighe
  2. XML Leathanach 157
  3. XML “Málaí Sléibhte”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    (V)
    Thug mé grádh dhuit is mé beag bídeach
    An dára gradh agus mé mór crionna
    Ní hé sin an grádh a thug an t-uan don chaora
    Ach gradh mór daingean ag ba doiligh a sgaoileadh.

    (VI)
    Tá mo ghrádh-sa 'san doras na gaoithe,
    A dá láimh fosgailte 's a gruaig le fánaid
    Bhí me a' dhúil go bhfeiceann mo mhuirighín Máire
    Ar sráid a' mhargaidh ná 'gcruinn an aonaigh.

    (VII)
    Gheall tú domsa agus rinne tú bréag dhom,
    Go dtiubhreá a bhaile mé, millúin óir is díallaid airgid,
    Trí baile mór agus baile margaidh,
    Is cuairt breagh glégeal ar taobh na fairrge.

    (VIII)
    Grádh mo chroidhe do chúl gruaige
    Do bhéilín mealltha a raibh na céadta ingrádh leis,
    Bhí a dá láimh geala fa do bhrollach fásgthe,
    Is ní fuide liom an oidhche ag ól do sláinte.

    (IX)
    Ó tá mo chroidhe istigh comh dubh le sméara
    Ná ar faocóga ar malaibh sléibhte,
    Agus is minic a bhí ceann dubh ar chloigeann (Cuilfionn) glégeal.

    (Bríghid Ní Mhaille, (seanbhean) Rostuirc, Maolraithinghe a thug an t-amhran sin dhom idir fonn agus foclaí)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bríghid Ní Mháille
    Gaol
    Ní fios
    Seoladh
    Ros Toirc, Co. Mhaigh Eo