Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Suíomh:
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí cailín beag ann uair amháin agus bhí a sean mháthair in-a cómhnaidhe lei féin in aice lei. Tháinig sí chuig a sean mháthair lá go bhfeiceadh sí an raibh sí go maith. Fúair sí in a leabaidh í. "Tá tú tinn a mháthair mór acht imtheóchaidh mise abhaile agus innseóchaidh mé do mo mháthair go bhfuil tú ann tinn."
D'imthigh sí lei agus d'fhág sí an doras fhoscailte. Bhí mada fiadháin ins an lios in aice leis an teach. Thainig se isteach ins an teach. Chúaidh sé síar ins an seomra agus marbhuigh sé an t-sean-mháthair agus d'ith sé í. Annsin chúaidh sé isteach ins an leabaidh agus shocruigh sé an t-éadach air féin.
Núair a tháinig an cailín beag isteach chúaidh sí síar ins an seomra. "Ó a mháthair-mhór nach agat atá an t-éadan mhór agus nach agat atá an dá láimh mhóra." Ní tuisge a dúbhairt sí é sin ná léim sé amach as an leabaidh agus rith an cailín beag amach as an leabaidh , agus rith an cailín beag amach agus í ag sgreadail. Cualaidh beirt fhear í a bhí ag baint adhmaid(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sile Ní Oisín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Ní Oisín
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an tSiáin, Co. Mhaigh Eo