Scoil: Baile an Doire (uimhir rolla 16410)

Suíomh:
Baile an Doire, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Maolmhichíl
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0268

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0268

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Doire
  2. XML Leathanach 0268
  3. XML “'Sé Dia a Thug agus Sé Dia a Bheireas' - It is God Who Gave and it is God the Gives”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. “Sé Dia a thug agus ‘sé Dia a bhearas
    It is God who gave and it is God that takes
    Bhí Íosa agus Peadar ag siubhal le chéile lá agus casadh fear déirce leo.Cruiteachán de fhear a bhí ann. D’iarr sé déirce ar Íosa agus do iultigh Íosa é – níor thug sé aon rud dó. D’imthigh siad, agus ní raibh siad i bhfad ar siubhal gur casadh fear déirce eile leo. Fear leigthe easgaidh, sgafánta a bhí ann, agus d’iarr sé déirce ar Íosa agus thug Íosa sgilling dó. D’imthigh sé go ríméadach agus d’imthigh Íosa agus Peadar ar a mbealach féin.
    Ar ball tháinig tart ar Pheadar agus d’iarr sé luach dighe ar Íosa, agus dubhairt Íosa leis dul isteach ins an teach ósta a bhí i n-aice leo agus gheobhach sé deoch. Chuaidh Peadar isteach agus céa bhí istigh roimhe acht an fear leigthe easgaidh sgafánta a thug Íosa an sgilling agus nuair a chonnaic sé Peadar dubhairt sé
    “Céard a ólfhas tú. ‘Sé Dia a thug agus sé Dia a bhearas”.
    “Ólfidh mé pionnta” arsa Peadar.
    Fuair sé an deoch agus tháinig sé amach.
    “An bhfuair tú deoch” arsa Íosa
    “Fuair” arsa Peadar
    D’imthig siad ar a mbealach agus nuair a bhí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Maol Mhichil
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Doire, Co. na Gaillimhe