Scoil: Baile an Doire (uimhir rolla 16410)
- Suíomh:
- Baile an Doire, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Maolmhichíl
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Doire
- XML Leathanach 0270
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo cupla de sean-fuclaibh a bhfuair mé o Bríghid Ní Ghiolla, bainntreach a bhfuil teach osta aice i n-aice mo sgoile. Má iarrtar ceann uirri, níl sé le faghail agat. Acht ma tharluigheann rud aisteach nó neamh-choiteanta, tagann ceann amach as a beul. Bhí cluas ormsha ceann a chloisteal uaithe na h-ama seo.
Cur i gas. Bhi buachall og - comharsa - agus fuair se an bhean i-n-aice baile mór na Gaillimhe.
"Tuige nach bhfuair sé cailin og i -naice leis no ins an bpaoraiste fein" adubhairt mé fhein
Ar an bpuinnc thainig ceann amach as a béal
"Ar chuala tú ariamh" adeir si
(1) "iomarca éolais fhaganns clann na gcomarsann i bhfad o cheile"Domhnach amhain chuaidh mé isteach mar bhi beart leabhar agam le faghail ann. Bhi cupla fear ag iarraidh teacht isteach le deoch fhaghail agus nuair chonnaic sí iad, dubhairt sí:
(2) " Is leithne coc na bó seasamh air"
D'fhiafruigh mé uirri minuigh e sin agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Maol Mhichil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Doire, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Ghiolla
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Doire, Co. na Gaillimhe