School: Saighleán (roll number 6849)
- Location:
- Sylaun, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Puirséal
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá ceithre cinn de thoibreacha beannuighthe san Cheanntair seó mar tá, Tobar an Chluig ag an Trían Bán paróisde an Chomair, Tobar Garán ag Cluan na gClaise paróisde Chille Chonnla, Tobar Michil ag Béal A' Chláir paróisde an Chomair, agus Tobar Naoimh Beinín inaice le teampal Beinín paróisde Chille Chonnla.
TOBAR a' CHLUIGTá an tobar seo timcheall ceathramhadh míle siar ón scoil; suidhte gar do'n loch tá annso - Loch Trían Bán.Deirtear go raibh Naomh Phádraic ag taisdeal na h-áite seo agus gur thug sé turas go dtí an Tobar. Ghuidh sé ann agus leig a sgíth. Tá lorg a ghlúineacha le feicsint ins an gcarraig le h-ais an tobair in áit a raibh sé a ' guidhe. Bhaist sé go leor daoine annseo agus le linn an Bhaisdimh thuit a chlog síos san tobar agus cailleadh é.Uaidh sin tháinic an t-ainm Tobar a' Chluig. Bhíodh daoine a teacht annseo fadó ag tabhairt turasanna acht le bliadhanta anuas níl tada de'n chleachta sin ann.Bruitheann an tuisge seo agus mar gheall ar sin ceapann na daoine nach bhfuil aon bhrígh ann mar thobar beannuighthe. Deantar úsáid den uisge.Tá Cathaoir N. Pádraig in áit a leig sé a sgíth ar an taobh shiar de'n tobar(continues on next page)- Informant
- Sorcha Ní Mhaoilalaidh
- Gender
- Female
- Informant
- Tomás Ó Maoilalaidh
- Gender
- Male