Scoil: Saighleán (uimhir rolla 6849)
- Suíomh:
- Saighleán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Puirséal
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Saighleán
- XML Leathanach 0295
- XML “Cluain Phuis”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Glan díreach míle go leith ó dheas de sgoil an tSaigleáin ar an mbruach chlé de abhainn an Chláir tá Cluian Phuis suidhthe. Áit iargcúl, uaigneach seadh í - an abhainn snígheadh thart ar na mághanna agus na lag phortaigh gan fuaim le cloisteaáil acht glór an easa nó sgréacha na Néan um tráthnóna. Is ins an áit uaignigh seo a cheap Naomh Iarlaith teampall a bhúnu agus tá na fothracha go soiléar le feiceál ann go fóill. Is ag Cluain Phuis tá roilic in a gcuirtear cuid mhór de Mhuinntir Pharóisde Tuama tar éis bás d'fhághail dóibh.Is é Naomh Iarflatha pátrún pharóisde Thuama agus Árd Fhairche Tuama.Bhí sé ina deisciobal do Naomh Beinín agus fuair sé a chuid oideachais ins an scoil a bhí ag Beinín Naomhtha ag Cill Bheinín.Nuair a ghlac sé sacramuint Ord Beannuighe agus nuair a chinn se teampall a Bhéinin le obair Dé deanamh agus teagasa Dé a foirleathnú imeasg a Chine féin san gCeanntair seo is ag Cluain Phuis a bhúnuigh sé é.Do shíolruigh Naomh Iarflatha ó Chine uasal san gComhursanacht agus chuidigheadar leis leis an teampall a dheanamh agus scoil(leanann ar an chéad leathanach eile)