Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)

Suíomh:
Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0048

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0048

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chuana
  2. XML Leathanach 0048
  3. XML “Peadairín Buí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Peadairín Buidhe.
    Bhí fear in-aice Áth-Cinn fadó da'r b'ainm Peadairín Buidhe agus bhí sé in-dhan céad meadhchain a iomchur in-a laidhircín agus a ainm a sgriobh os cionn doras an mhuileann agus an mála a iomchur go dtí bárr an mhuillinn. Treabhadh sé dá acra agus trí ceathramhna talmhan sa ló le dá mhúile agus le céachta ádhmaid. Bhí sé in-dhan céachta iarrainn a iomchur suas ar a chloigeann freisin. Oidhche amháin ní raibh aon teine ag Peadairín Buidhe agus chuaidh sé amach 'san gcoill agus rug sé ar chrann mhór fuinnseóige agus tharraing sé ar a dhícheall. Tháinig an cran[n] suas go tapaidh leis agus chorruigh sé seacht n-acra talmhan thart timcheal[l] air.
    Bhí Peadairín Buidhe in-Gallimh lá eile. Nuair a bhí sé ag teacht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Comhdhain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Luimneach Thiar, Co. na Gaillimhe