Scoil: Áth Cinn (B) (uimhir rolla 14047)

Suíomh:
Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Gairbhín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0023, Leathanach 0017

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0023, Leathanach 0017

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áth Cinn (B)
  2. XML Leathanach 0017
  3. XML “Mac Rí Ghoirt Rua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Mac Riógh Ghuirt Ruaidh.
    Fadó i bhfad ó shoin bhí rí ro cómhachtach sa n Gort Rúadh i bparáisde Eanach Cuáin. Bhí sé saidhbir ac briseadh anúan go mór, mór agus d'eírigh sé go h-an bhoct ar fad. Bhí sin dona go leor ach nuair a cailleadh a bhean (an bainríoghan) agus d'fágaidh curam páisde fir air badh seacht measa a bhí an sgéal aige.
    Ar chaoí ar bith, d'éirigh an mac suas 'na bhuachaill, dhathamhail agus leighte sgaoilte. Nuáir a bhí sé blían is fiche b'eigean do a dhul go Loch an Phúir lena gheasa a choimhlíonadh go ceann lá is fiche. Réidhtigh sé suas é féin maidin lae agus siar leis go Loch an Púir. Thagad sé abhaile chuile oidhche agus d'innsigheadh don righ faoi'n lá. Badh é an seachtmhadh lá déag go díreach glan dó ag an loch agus é in a sheasamh ag an bruach ag breathnú uaidh amac uirri nuair a connaich sé bád agus fear innti ag teact treasna
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brian Mac Raghnaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Aralt Mac Aodha
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Ábhar sagairt (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Maigh Nuad, Co. Chill Dara