Scoil: An Mhainistir, Carrabeg

Suíomh:
An Cheathrú Bheag, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An Br. Coinleith Ó Mainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0279

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0279

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhainistir, Carrabeg
  2. XML Leathanach 0279
  3. XML “Scéal Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí uncal Naomh Bríghide ag dul amach, lá agus dúbhairt sé le Bríghid a dhinneír a bheith réidh nuair a thiocfadh sé. Amuigh ag fíadach a bhí sé ag dul, agus dúbhairt sé le Bhríghid deic píosa feóla réidh. Chuir Bhríghid deic píosa feóla síos i bphota. Thainich madhadh chuig an doras agus dfhéach an madadh mar madadh a bheadh ocras mór air. Thug Bríghid píosa dn feól don madadh agus dith sé é. Thug sé píosa eile dó agus píosa eile dhó agus dith sé é arís. Tháinich an uncal isteach tar-éis tamaill, agus dféach sé ins an bpota agus bhí deich píosa feóla san bpota.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Mac Ualtair
    Inscne
    Ní fios
    Seoladh
    Tóin an Gharráin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mac Ualtair
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Tóin an Gharráin, Co. na Gaillimhe