Scoil: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
- Suíomh:
- Baile Nua Mhic Gabhann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sr M. Colmán
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cuigeann again sa mbaile. Soitheac adhmaid seadh í a bhfuil cúig fionnfaí thart timcheall uirthi, trí cinn sa leart thíos agus dhá cheann sa leart thuas. Nuair a bhíos maiscreadh dhá dhéanadh bíonn na rudaí seo in úsáid, clár na cuiginne, claibín agus an lointhe.
Blightear an bhó dhá uair sa bó, ar maidin agus sa tráthnóna agus má blihtear níos minice í imthigheann an bainne uaithi. Nuair a bhíonn bean a’ tighe a dul amach le bó a bhleághan, tugann sí stóilín i láimh amháin agus canna sa láimh eile agus de ghnáth beireann sí leithe chomh maith sáuspan le h-aghaidh climirí nab ó, sé sin an chuid is fear den bhainne. Coinnigheann sí í seo i gcóir an taé.
Muna mbíonn sí indhon dul go h-éasgaidh ag na sinneacha tugann sí bosóg bheag dohn bhó len a cois deireadh do chus siar agus annsin suidheann sí go compóir-teamhail ar an stóilín ag bleághan ar a mine géire agus ag gabhair fhuinn de ghnáth san am céadhna.
Ar bheirt críochnuighthe di cuireann sí crosóg leis an mbainne ar dhruim nab ó chun í a bheanní. Tugann sí an bainne go teach an bhainne agus séaluigheann sí é, tíre shiolthán, ar fhaithios go mbeadh deanach, nó ribeacha fionaidh na bó ann. Leamhnacht a tugtar ar an mbainne úr sin. Annsin cuireann sí an leamhnacht i gcíléaraí móra leathana, fágann sí annsin é ar feadh dhá uair déag a’chluig. Annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Stiophán Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe