Scoil: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)

Suíomh:
Baile Nua Mhic Gabhann, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Sr M. Colmán
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0014

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0014

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
  2. XML Leathanach 0014
  3. XML “Cúram na gCos”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ní bhíodh bróga ar bith ag na daoine fadó. Bhíodh píosaó de craicne ainmhidhte casta thart timcheall a gcos aca, nó ag cuid eile bhíodh píosaí ádhmaid faoi'n a gcosa aca agus iad ceangailte orra le "fongannaí."
    Bhí fear fiádh in a chómhnaidhe in áit in aice le Máigh gCuilleann fadó agus 'sé an leas ainm a bhíodh air ná "Séan na Cinne Móire" agus ní chaithfeadh sé bróga, ba chuma ce'n sórt aimsir a bheadh ann. Bhí sé roinnt aisteach agus bhíodh na daoine ar fad a' magadh faoi.
    Bhí fear eile ann agus níor chaith sé ach bróg amháin. 'Sé an fáth a bhí leis ná:- lá amháin bhí sé ag siubhal leis agus tháinig sé chómh fada le séipéal Protastúnach. Bhí cos amháin leis istigh ann nuair a chuimhnigh sé go raibh sé a' déanamh rud mí-cheart. Tháinig brón air ann sinn agus chuaidh sé amach. Chómh luath is bhí sé amuigh bhain sé an bhróg de'n chois a bhí taobh istigh de'n doras agus níor chuir sé aon bhróg at a' gcois sin as sin amach, mar nuair a bhí sé a' ceapadh go raibh an rud mí-cheart déanta aige chuir sé an méid sin pianóis air fhéin.
    Ní chaitheann na daoine óga bróg
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
        1. bróga (~1,841)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Stiophán Ó Briain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    62
    Seoladh
    Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe