Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí thuas san gcroich a sgaoileadh anuas. Dubhairt an crochadóir go mbeadh cúig phunt. Sháith an fear a láimh in a phóca agus thug d'en crochadóir iad agus sgaoileadh anuas an fear. D'imthigh an bheirt aca abhaile ann sin. Nuair a bhí an dearbhráthair bocht go dtí a theach, bhí a bhean agus na paistí amuigh ag an ngeata ag faireadh air agus iad ag sgreadach leis an ocras. Dubhairt an fear a bhí thuas ins an gcroich leóbhtha, foighid a bheith aca agus gur gearr go mbeadh a sáith le n-ithe aca. Dubhair[t] sé leis an mnaoi an pota a ghlanadh agus pota uisge glan a chuir sios. D'imthigh sé féin agus an dearbhráthair bocht, agus ba ghearr go raibh siad ar fághail arís agus caora bhreágh mór aca. Ghlan siad agus nígh siad í agus chuir siad síos cúpla píosa maith dí ins an bpota. Nuair a bhí sí bruiththe d'ith siad a sáith dhí. Dubhairt fear an chroich leis an bhfear bocht a theacht in éinfeacht leis féin agus ó bhí seisean chomh maith dó go mbeadh sé féin chomh maith dó san.
Thárla gur cailleadh bean an dearbhráthar saidhbhir seachtmhain roimhe sin, agus d'imthigh le fear an chroich agus leis an bfear bocht go dtí an uaigh. Thochaill siad aníos an chréafóg agus thóig siad aníos an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bhailentín O Dhubhagain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 66
- Seoladh
- An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe