Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- XML Leathanach 0063
- XML “Cuntaisí mar gheall ar na Ceirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)céachtaí, agus craiceann múile bíodh in a gad ar an gcapall a bhíodh ghá dtarraingt acu. [Micheál Ó Maoldhomhaigh, Creig Bhuidhe, Baile Chláir na Gaillimhe, Aois 52 tuairim]
Is le seól déanta do adhmad bhíodh siad ag fighe ná flainnín, barróg-mharraí agus braithlíní.
Is le sliosóga daire agus ailím tríd agus iad a bhruith a bhíodh siad ag dathú.
Is le sgoilb agus le tuighe agus le ropaí a bhíodh siad ag tuigheadóireacht.
Is le barrac a bhíodh siad ag déanamh téide.
Is le craiceann capaill a bhíodh siad ag déanamh fuipeanna.
Is le móin agus le clochaí i dturnóig a bhíodh siad ag doghadh aoil.
Déanad siad coinnle fadó as feagóga agus iad tumtha in ngeir.
Déanadh siad cisean de shlata saileóige. Cuiread siad na slataí síos i bpota uisge baineadh siad an croiceann díobtha.
Caitheadh na daoine an snáth a thabhairt chuig an figheadóir cun a deilimh agus tarraingeadh an fígheadóir isteadh san seol é, agus dhéanad sé flainn dhé.[Máirtín Mac Ghiollarnáith, Cathair Gabhann, Baile Cláir na Gaillimhe, aois 60 tuairim]
Bhíodh go leor sean-oibre i gCathair Gabhann fadó mar :-(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máirtín Mac Ghiollarnáith
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Seoladh
- Cathair Ghabhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Maoldhomhaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 52
- Seoladh
- An Chreig Bhuí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Móráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 65
- Seoladh
- Cathair Ghabhann, Co. na Gaillimhe