Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0088

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0088

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
  2. XML Leathanach 0088
  3. XML “Scéalta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ann go maidin. Ag a h-aon a chlog san oidhche tháinigh fear chuige agus chuir sé ceist air "Cé mhéid galún uisce", adubairt sé "a théigheann le fánadh go Cill Dá Luaidh." Dubhairt an fear leis go dtagann an t-uisce go láidir luath agus gur deacair é, tomhas na cháirtí. Ach an méid nach gcomhnuidheann i nDroichead na h-Oidche do." Tá mise réidh leat. Bhí áthas mhór ar a chroidhe nuair a chuala sé an coilleach ag glaodhach agus é ag cuimhnú ar Moill Duibh an Ghleanna. Bhí sé ag imtheacht agus ag síor imtheacht na gur tharraing sé ar Mhaidí Bhun Duibh agus casadh fear déirce leis ar an tsráidh. Chuir sé tuairisg leis cé'n áit a raibh teach na dTóirí. D'innis an fear déirce dhó é agus chuaidh an féar ann agus d'fiafruighe sé díobhtha an bféadfadh siad lóistín a thabhairt do straínséar. Tháinig fear mór chuige amach agus d'fhiafhruigh sé dé cé'n tír ar gluais sé as. Dubhairt sé leis gur gluais sé as Tír na DTreóibh. D'fiafruigh sé dhó cé'n t-ainm a bhí ar a máthair. Dubhairt sé go raibh Siubhán Ruaidh Róin. Chuir. sé fios ar na con-stáblaí. Dubhairt sé leobhtha go raibh a chapall istigh san stábla a goidheadh uaidh naoí lá ó shoin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máirtín Mac Ghiollarnáith
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 60
    Seoladh
    Cathair Ghabhann, Co. na Gaillimhe