Scoil: Tamhain (uimhir rolla 15679)
- Suíomh:
- Tamhain, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: C. Bean Uí Thréinfhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tamhain
- XML Leathanach 0314
- XML “Scéal na gCat”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fear na fírinne leis é. Rinneadar margadh le n-a chéile - an sgéal a fhágail faoi bhreitheamhnas an chéad fear a casfaidhe leo annsin. Sé'n margadh a rinneadar le chéile, An fear a bheadh thíos an fear eile an da shúil a phiocadh amach as a cheann. Bhí go maith. Shiubhail siad leo sgaithimh agus ní an fhada a chuadar gur bualadh fear leo. Choinnigheadar 'na seasamh é agus d'innsigheadar dó céard a bhí fao'n a bhreitheamhnas a dhéanamh. Cé's fuide a theingheas bréag ná'n fhírinne. D'eist sé scaithimh ag meadh is ag méadú is ag (méadú) smaoineamh ar an gceist. Faoi dheire is faoi dheoidh labhair sé agus dubhairt gur fuide a theingeas an bhréag. Iompuigh anall annseo ars fear na mbréag le fear na fírinne a bhain an dá shúil amach as a cheann agus ar seisean testuigh an méid sin uait go gear. Anois ars fear na fírinne agus é 'á phiana ó thárla go bhfuil mé mo dhall boct mar atá me tabhair ar shlighe shámhála in áit eicínt(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Fathaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tamhain, Co. na Gaillimhe