Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)

Suíomh:
An Garrán, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0041

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0041

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Garán
  2. XML Leathanach 0041
  3. XML “Herbs”
  4. XML “Féilte na Bliana”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Ar oidhche Fhéile Bríghde téigheann na cailíní óga thart leis an mbrídeóg ó theach go teach.Tugann na daoine airgead dóibh. Bíonn siad gléasta i gcaoi nach mbíonn aithne ag aoinne ortha. Nuair a théigheann siad isteach i dtigh tosnuigheann siad ag damhsadh agus ag gabháil amhráin. Ar lá Fhéile Bríghde déanann na daoine croiseanna de thuighe agus crochann siad iad ar an taobh istigh de na dóirsibh agus annsin coinnigheann siad iad i dtaisge. Bíonn go leór croiseanna ag cuid de na daoinibh mar coinnigheann siad iad ó bhliadhain go bliadhain. Ar lá Fhéile Pádraig cuireann na daoine seamróga ar a gcótaí i n-onóir do Naomh Pádraig. Ar an dara lá de Feabhra bíonn lá Fhéile Muire na gCoinneal. Beannuigheann na sagairt coinnle ar an lá sin. Bíonn an Inid ann ó Nodlaig go dtí Máirt na h-Inide . Ar Máirt na h-Inndhe bíonn féasta mór ag na daoine roimh an Carrghas agus bionn damhsaí ar siubhal. Bíonn an Carrghas ann ó Céadaoin na luaithre go dtí Satharn na Cásca. Ar domhnach na Cailce bíonn na daoine ag cur cailce ar na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.