Scoil: Cros-Bhóthar (uimhir rolla 14688)

Suíomh:
Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0060

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0060

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cros-Bhóthar
  2. XML Leathanach 0060
  3. XML “Scéal Greannmhar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ba gnáthach fadó na táilliúirí a bheith ag dul do thighthibh na ndaoine ag déanamh cultacha éadaigh nuair a bhí gádh acu leo. Ba cheann acu seo Páidín Rúadh agus fear an-ghreannmhar ar fad a beadh Páidín. Lá dá raibh sé amuigh mar seo i dteach eicínt leag bean a' tighe béile ar an mbord chuige. Nuair chonnaic Páidín nach raibh ar an mbord aige ach ubh amháin labhair sé, "a bhean a' tighe" ar seisean, "cá bhfuil a comráidí seo". Níor dhubhairt bean a' tighe rud ar bith. Arís am dinnéara leag sí sgitheóg fatái anuas cuig cúigear nó seisear fearaibh acu agus istigh i lár na sgitheóige bhí pláta agus aon sgadán amháin ann. Nuair a chonnaic Páidín sin rinne sé dá leith de fhata agus leag sé ceann
    acu ar shúil an sgadáin. "Ce an fath a ndeárna tú sin ", arsa bean a' tighe leis. Faithchíos a bhí orm arsa Páidín dá bhfeiceadh sé an méid a bhí hart air ag dul ghá ionnsú go sgúabfhadh sé leis ar fad agus nach mbeadh rud ar bith fágtha agam.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    2. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Connláin
    Inscne
    Fireann