Scoil: Cros-Bhóthar (uimhir rolla 14688)

Suíomh:
Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0062

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0062

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cros-Bhóthar
  2. XML Leathanach 0062
  3. XML “Comhairle Ceannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá daoine ann nach ghlacann comhairle uaidh (?) aon duine ach a gcomhairle fhéin. Fáigtear (?) sin iad mar deirtear gur "fear comhairle ceannuighthe ná dhá chómairle in aisge." Ach seo triúr a bhí ar aon inntinn. Thuig siad fhéin a chéile. Tháinig síád isteach i dteach (?) 's thug bean a' tighe brothán an tí ar fad (?) dóibh. Nuair a thóig an chéad fhear blogam dhe sgál sé é agus dubhairt sé "brothán ó aréir é." Is annsin thóig an dara fear blogam (?) dhe a's dubhairt sé "nach mairg nár téidheadh é". Cheap an tríomhadh fear go raibh sé an-fhuar ar fad 's thóg sé a shean-deoch beathadh 's bháis as (?) agus dubhairt sé; "Dheamhan a dtiubharfadh an fiach dubh dá éan é;" "Mh'anam dá dtabhareadh" ars an chéad fear "mar ba leis fhéin é."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge