Scoil: Cros-Bhóthar (uimhir rolla 14688)

Suíomh:
Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0067

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0067

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cros-Bhóthar
  2. XML Leathanach 0067
  3. XML “Scéal Fhinn Mhic Cumhaill agus an Ridire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhíodh an scéal seo dá n-aithris fadó agus is fadó bhí. Dá mbeinn-se ann an uair sin ba críonna liath an scéalaidhe mé. Bheadh sean-scéal nó scéal nua agam. Chumfainn féin scéal nó bheinn gan aon-scéal.
    Bhí fear ann uair amhain duine de na Fianna do b'eadh é darab ainm Fionn mac Cumhaill. Téigheadh se féin is a chuid fear amach ag seilg gach lá is thagaidís ar ais arís le tuitim ceo na h-oidhche.
    Lá amhain chuaidh siad amach ag seilg thríd na sléibhte is thríd na gleanntaibh 's thríd na cuilltibh 's bhíodar ag teacht ar ais tuirseach sáruighthe tnaoite tar éis an lae. Biodar cois fairrge 's do shuidhe Fionn síos ar chnocán ar dheiseabhar na gréine agus d'imthigh na Fianna abhaile.
    Ní ibhfad ná ingearr a bhí Fionn annsin nuair a thainig buachaill an bealach agus do shuidhe sé sios inaice Finn agus do labhair sé leis. "Cur aimsear orm" adeir se le Fionn. Bhreathnuigh Fionn air gur scrúdúigh sé e ó bhonn go bárr. Annsin do labhair sé. "Ar ndóigh, arse Fionn, "níl maitheas ar bith ionnat-sa,' níl iomchar na n-éanlaith ionnat. D'freagair an buachaill é agus dubhairt "An uair is mó a bhéas buaidhreadh nó trioblóid ort bainnfidh mise gáire asat, nó áit
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Connláin
    Inscne
    Fireann