Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Crois Bhóthar
- XML Leathanach 0148
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do chuaidh gach duine de na cailíní díobh isteach ins na mnáibh riagalta ins an mainistir i gCill Craobhantaigh. Bhí duine aca in a Máthair Abb agus "Brevie" an t-ainm abhí uirthe. Sé an t-ainm ata ar an áit a raibh an mainistir - ó'n am sin amach ná Cill Craobhantaigh. Deir cuid eile de na daoine gur ó'n gcill agus an méid crann abhí ag fás ann a fuair sé a ainm. Sé an chiall atá i bhfocal "Cill Craobhantaigh" ná "Church of the Branches."Lá amháin chaill an Mháthair Abb a clóca agus an-leitheada an t-ainm abí air. Do shéid an gaoth é as a gualainn agus thuit sé síos i n-áit ar a dtugtar "Leithead" anois.Tá an t-ainm "Garrdha Shéamuis" ar ghort atá ag muinntir Ceallaigh. Deirtear go raibh fear in a chomhnuide i mbothán beag annsin agus Séamus abhí mar ainm air.I n-aice le Cathair na nGarranta tá gort agus sórt aibhne ann. Bhí sagart ag siubhal ins an ngort agus bhí air dul treasna na h-aibhne. Nuair abhí sé ghá déanamh thuit sé isteach ann agus tá an t-ainm Poll a' tSagairt air ó'n am sin amach.
- Bailitheoir
- Áine Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chraobhanta, Co. na Gaillimhe