Scoil: Baile an Mhuillinn (B)

Suíomh:
Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraic Ó Discín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0021

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0021

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Leathanach 0021
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    raibh stróichthe stiallta. D'iarr sé déirce ortha ach d'eitigh ár dTighearna é.
    Annsin labhair Naomh Peadair agus dubhairt sé ''Nach mór an t-iongnadh gur thug tú scilling do'n bhodach mhór, luathmhar atá í ndón a bheatha fhéin a shaothrughadh'' ar seisean ''agus gur scaoil tú an sean-fhear lag claoidhthe sin gan tada a thabhairt dó''
    'Sgearr i n-a dhiaidh sin gur chur ár dTighearna Peadair ar theachtaireacht éicint go siopa
    a bhí treasna an bhóthair.
    D'imthigh leis. Ní thúisce a bhí sé istigh ná chonaic sé an bodach láidir ag ól a ghloine lé h-ais an chabhntair. thug Peadar milleán mór dhó faoi go raibh se ag ól an scilling a thug ár dTighearna dhó. Annsin labhair an bodach go tapaidh and dubhairt sé ''Dia a thug agus Dia a bhéarfas. Thairg sé deoch do Naomh Peadar ach dhiúltaigh Peadar é agus go tapaidh.
    Nuair a tháinic se amach as an siopa bhí iongnadh mór aige do ár dTighearna agus dubhairt sé ''Tá an bodach mór annsin istigh and é ag ól an scilling a thug tú dó ar báll. 'Séard adubhairt ár dTighearna ''Tá croidhe a a chaithte ag an bhfear sin''.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0758: The Various Children of Eve
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Ó Coisdealbha
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Coisdealbha
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Baineann