Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Tá áit in aice mo teach agus deirtear go bhfuil pota óir i dtaisge ann.”
Tá áit in aice mo teach agus deirtear go bhfuil pota óir i dtaisge ann. Is cosamhail gur cuir duine éigin i dtaisge ann ins an tsean aimsear nuair a bhí an tír seo i seilbh na ngall agus go bhfuil sé i dtaisge ariamh ó sóin.
Chuala mé na seandaoine ag rádh go raibh muirghin ann fadó agus gur tháinig sé i mbrionglóid aca go raibh an pota óir ins an áit aithrid. Seo é an sgéal.
Bhí muirghin ann fadó Maoldhomhnaigh / Malonaí an tainm a bhí ortha. Bhí cúigear clainne ins an duithche céadna. Aon oidhche ámháin bhí brioglóid aca ag taspáint dóibh an áit a raibh an pota óir agus go raibh sé lé na naghaidh go raibh sé faoi'n crann áithrid seo i lár na páirce. Nuair a d'éirigh siad ar maidin chonnaic siad nach raibh ann acht seafóid agus níor thug siad aon áird dó.
Bhí an brionglóid céadna aca trí oidhche in dhiaidh a céile. An lá úd bhí siad ag dul i náit éigin. Bhí siad ag cainnt d'innis duine aca do'n beirt eile an brionglóid a bhí aige d'innis siad an brionglóid a bhí aca san.
Shocruigh siad annsin go rachadh siad an oidhche sin agus go bhfuigheadh sé an t-ór. Bhí athas orra(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic O' Néill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Iomaire Claí Thoir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séain O' Néill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Iomaire Claí Thoir, Co. na Gaillimhe