Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ce agus sáithtear trí coinnealachaí féogaí lasta ann. Annsin fágtar gloine atá nío[s] mó ná an cháca ós a chionn sin. Leagtar é annsin 'san gcliabhrach, ar an áit a bhfuil an chléithín.
Gheibheann daoine an leicneach nuair a bhíonn siad óg. Sé an leigheas atá ar sin, flith a théigheadh agus í a chur leis an leiceann. Má bhíonn tinneas 'san ae ag duine ar bith chuireann siad bruiméar agus uisge ar an teine agus nuair a bhíonn siad bruithte, ólann sé an t-anbhruith.
Nuair a bhíonn duine ag éirighe tanaidhe agus lag, téigheann duine go dtí an portach agus gheibheann sé cúpla reilleóg agus bruitheann sé iad. Annsin ólann an duine lag an t-anbhruith agus 'sgearr go mbíonn sé láidir arís. Ma bhíonn tinneas fola ar duine ólann sé trí deochanna de anbhruith neantóg Márta agus deireann go leór daoine gur leigheas maith é sin do dhuine ar bith.- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Coisdealbha
- Inscne
- Baineann