Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)- an buaidhreán. Nuair a bhíodh caiscín arbhair 'san teach cuireadh siad cuid de'n bhrunnach ag bogadh nó go ngéaradh sé. Annsin shéaluigheadh siad an subhchán as agus cuireadh siad an subhchán síos ag bruith. Nuair a bhíodh sé bruithte d'itheadh siad é lé leamhnacht agus siúcré. Cinéal leite a bhíodh ann acht í bhfad níos deise.Seo í an chaoi a ndéántaoi an cáca min coirce. Cuirtí trí nó ceathar de dhornaibh min coirce ar losaid agus cuirtí braon uisge bog air. Annsin d eantaoi cáca de agus leagtaoi ar aghaidh na teineadh é agus dhá fód mónadh no maide aráin dhá choinneál suas.Is minic a bhíodh fear ag obair amuigh ins an ngort agus dá dtagadh ocras air thagadh sé isteach. Uaireannta ní bhíodh an dinnéir réidh roimhe agus annsin ghníodh a bhean suaidín dó. Cuireadh sí dorn min coirce í gcupán agus annsin cuireadh sí braon leamhnachta air. Agus geammaim-se dhuit gur biadh breágh folláin é.Seo deoch a bhíodh aca - an gráin-bhruith. Nuair a bheadh an cruithneacht buailte agus réidh tóigeadh bean an tighe buicéad de'n gráin cruithneachtan agus chuireadh sí é agus buicéad uisge í bpota mór agus bhruitheadh sí é. Nuair a bhíodh sé bruithte chuireadh sí fuisge agus siúcré air agus roinneadh sí thart ar na comhursanaibh é(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Maréad Ní Coisdealbha
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann