Scoil: An Garán
- Suíomh:
- An Garrán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Garán
- XML Leathanach 0572
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sláinteamhail a gcomnuidhe. Bhíodh an bricféasta aca ar a h-ocht a' chlog ar maidin agus bhíodh an dinnéár aca ag a h-aon a' clog. Bhíodh beile acha um thathnóna ag tuairim a's a h ocht a' chlog. D'ólaidís deoch deanta de mhuil agus d'ólaidís uisge beatha freisin. Ní thugaidís aon bhiaidh do na páisdí óga acht thugadh siad bainne dóibh. Do chuiridís cruithneacht san Earrach agus nuair do bhíodh an cruithneacht aibidh do ghearraidís é agus do shabhálaid é. Bhuailidís é in aghaidh na gcloch agus dhéanaidís min de. Dhéanaidís cácaí de annsin. D'fhaduigidís teinte annsin agus chuiridís clocha isteach ins na teinte. Nuair do bhíodh na clocha te go leór chuiridís na cácaí idir na gcloch agus nuair do bhíodh na cácaí réidh le n-ithe thógaidís iad agus chuiridís ar leathtaobh iad. D'ithidís éisg freisin agus bhíodh siad ag iasgaireacht amuigh ar an bhfairrge.(leanann ar an chéad leathanach eile)