Scoil: An Clochar, Port Omna

Suíomh:
Port Omna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. M. Lorcáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0057, Leathanach 0252

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0057, Leathanach 0252

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Port Omna
  2. XML Leathanach 0252
  3. XML “Na Caisleáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Arus comhnuidhthe a bhí ins na caisleáin seo chomh maith le daingean cosanta. Is beag measa a bhí ar Normánach dá dtugtaoi air agus é ag siubhal na mbán agus níor mhór dhó na fallaí fuara cloiche le nach bhféadfaidhe giorrachán saoghail imirt air. Acht chuir Coote deire le réim na gCaisleán in-aimsir Chromuil, agus ó thosach na 18mhadh aoise is beag ceann acu a raibh duine in a chomhnuidhe ann.
    Liosta de na caisleáin sa mbliadhain 1574. Aill, Eanach Brighde, Baile-na-mBaintreabhach, Liathdruim, Baile-an-tSrutháin, Baile 'n Druimne, Cluain Liath, Tigh Neatha, Dún-Dhoighre, Pálás Baille-na Cille, Baile-na-Smál, Lios-an- Aird Port Omna, Cluain-Dá-Dhamh, agus Réidheachán.
    Ba le na Búrcaigh iad uilig acht amháin Caisleán Dhún Dhoighre agus Caisleán Phort Omna.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge