Scoil: Tobar Pheadair (uimhir rolla 4789)
- Suíomh:
- Tobar Pheadair, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P.S. Ó Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tobar Pheadair
- XML Leathanach 0526
- XML “Stories”
- XML “Scéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)about it.
That night there was a woman missing in the village. Rivers, lakes and land were searched but there was no trace of her anywhere.
The search continued for three days.
On the third night the man went to his pocket for matched and found the ciaróg in the box.
He let him go.
The same night the woman came home and the man knew that it was that woman that was stealing the wheat. - Scéalta 6-12-1937
Oidhche amháin bhí Seán Ó Brúdar ag teacht abhaile go Rath-Éilighe ó Thobar Pheadair. Bhí sé a dó dhéag a clog agus bhí an oidhche an dorcha. Mar sin féin ní raibh faithchíos ar Sheán bheith amuigh an t-am sin den oidhche mar níor chreid sé go raibh aon phúca, ach níorbh fhada gur chreid sé é.
Nuair a bhí sé ag teacht i n-aice le’n a theach chonnaic sé bean agus í ag siubhalgo mall, réidh roimhe. Bhí culaith bán uirthi agus cheap Séan gur bhean éigin a bhí ag iarraidh scannradh a chur air.
Shiubhail sé go tapaidh chun teacht suas láithi le féachaint cé a bhí ann acht nuair a tháinig sé i bhfoisgeacht cúpla slat di bhreathnuigh sé go géar uirthi agus baineadh geit an t-saoghail as nuair a chonnaic sé nach raibh aon ceann uirthi.
Thuit sé i laige nuair a shíl sé rith agus bhí sé ar an mbóthar ar feadh i bhfad. Nuair a tháinig sé chuige féin chuaidh sé abhaile agus is ar éigin a bhí sé i ndon, bhí sé chomh lag sin leis an ngeit a baineadh as.
Seán Ó Brúdair, Rath-Éilighe, Tobar Pheadair. 63 bl.- Faisnéiseoir
- Seán Ó Brúdair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Ráth Alla, Co. na Gaillimhe