Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chlaidheamh" adeir sé. Theasbáin an dá mac eile a gcuid claimhdhthe féin dó agus dubhairt sé an rud céadhna leo. Fuair sé séire uaidh an athair agus uaidh an triúr mac an oidhche sin agus faoi cheann tamaill chuadar araon chun suain. Nuair a d'eirigheadar ar maidin d'fhiafruigh mac na baintreabhaighe dóibh cá raibh gabha. D'orduigh sé don ghabha claidheamh a dhéanamh níos fearr ná rinne sé ariamh. Sin rud adeir an gabha nach bhfuil mé indon a dhéanamh acht déanfad ceann dhuit chomh maith agus a rinne mé don Chailleach Tomhalltach atá na comhnuidhe ins an gCis Chaol. Rinne sé claidheamh an-daor dó agus níor chomhnaigh sé agus níor stad sé gur bhain sé amach tigh an fhathaigh sa Domhain Thoir.
Nuair a chonnaic an fathach ag teacht é dubhairt sé "Is mór liom dhe ghreim thú" adeir sé, "Is beag liom de dá ghreim tú. Níl a fhiós agam céard a dhéanfas mé leat muna gcuirfidh mé de shéidtheán don Domhan Thiar thú." "Níl fhios agam céard a dhéanfas tú liom" adeir mac na baintreabhaigh. "Bh'féidir nach beag dhuit a thúisge go bhfuighinn-se greim ort" adeir mac na baintreabaighe" arís. Chuadar beirt chun comhraic agus thar éis tamaill fada leag an fathach mac na baintreabhaighe. D'eirigh sé de(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cladhnach, Co. na Gaillimhe