Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0034](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0061%2FCBES_0061_0034.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0034
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0034
- XML “An Mac is an tAthair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhfeicfeadh an t-athair agus a mhac iad. Chuadar ag déanamh an chleas agus nuair a bhí sé déanta aca dubhairt an t-athair nach bhfaca sé aon chleas a bhí i ndon an cleas sin a bhualadh agus thaithnigh sé chomh mór sin leis an athair go ndubhairt sé go mba dheas an cheard a bhí aca. Dubhairt an ceannphort go bhféadfadh sé féin an cheard sin a mhúineadh dá mhac dhá dtógróchad sé é. "Acht má leigeann tú linn é" adeir an ceannphort "go ceann lá agus bliadhain beidh sé chomh maith linn féin leis an gcéird. "Ní miste liom" adeir an t-athair "acht caithfidh sibh é a thabhairt slán sábhailte chugam-sa aríst nuair a bhéas an lá agus bliadhain istigh". Mo lámh agus mo fhocal dhuit go dtiubhraidh" adeir an cheannphort.
Thugadar leo an mac agus nuair a bhí an lá agus bliadhain istigh thugadar an mac leo abhaile aríst. Chuadar ag déana[mh] an chleas aríst agus nuair a bhíodar réid dubhairt an t-athair. "Feicim nach bhfuil mórán maitheasa leis an gceird ag mo mhac fós". "Níl sé go maith fós" adeir an ceannphort "acht má leigeann tú lá agus bliadhain eile linne é beidh sé níos fearr ná muid féin". "Ní misde liom" adeir an t-athair "acht caithfidh sib é thabhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cladhnach, Co. na Gaillimhe