Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0042
- XML “Diarmuid Súgach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní raibh faithchíos ná eagla air gidh nár chualaidh sé ar feadh na h-oidhche gur cailleadh duine ar bith ins na bailtibh in aice leis. Acht seárd a bhí ann an sluagh sídhe agus leagadar uatha an corp ar an mbóthar agus d'imthigheadar leó as an mbealach. Dhruid sé in aice an chuirp go mear agus chonnaic sé cosamhlacht mná óige áluinn ins an gconra ós a chomhair. Leag sé a lámh ar a h-éadan agus d'airigh sé te í. "Muise" arsa Diarmuid "bhíodh orm gurbh iad seo na daoine maithe agus (b) gur bean áluinn í seo a thugadar leó ó árus a h-athar agus a máthar feín anocht agus go bhfuil siad dhá tabhairt abhaile leó acht bhéarfaidh mise abhaile liom í go dtí mo theach fhéin.
D'iomchur sé abhaile an bhean go dtí a mháthair acht d'fhan sí faoi shuain ar feadh lá is bliadhain go dtáinig Oidhche Shamhna arís. "Bliadhain is an oidhche anocht Oidhche Shamhn[a"] arsa Diarmuid "agus bhain mé í ó na daoine maithe agus tá sí in a cnap shuain agus codhalta ó shoin". "Rachaidh mé siar go Cnoc an Dúin anocht agus b'fhéidir go bhfuighinn amach cén fáth atá leis an síor chodhladh seo atá uirthe".
D'imthigh leis agus chuaidh sé go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 28
- Gairm bheatha
- Mac feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe