Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhfuigheadh sí an seomra a bhí ar chul na teineadh. "Ní bheidh an bhean sásta an seomra sin do thabhairt dhuit" arsan guth agus abair leí go bhfuil tú ag dul ag imtheacht". Fuair mac le bean an tighe (ro) bás roimhe sin agus bhíodh sé dhá fheicéal san seomra seo. Bhí leisge uirthe stráinséarach an bhean [!] do leigint un bealaigh agus thug sí an seomra dí. Bhí sí fhéin agus an mháthair ann go ceann bliadhna. Nuair a bhí cailíní an tíghe ag dul a chodhladh oidhche d'airigh siad cainnt san seomra a raibh an bhean. Bhreathnuigh bean an tíghe féin siar san seomra agus chonnaich sí an mac a bhí caillte le achar roimhe sin ag cainnt leis an mbeann. Chuaidh an mháthair go dthí é agus bhí páiste óg leis an mbean stroinséara san seomra freisin. Rinne an mháthair a dícheall leis an mac a choingeál acht dubhairt sé nach raibh aon mhaith ag cainnt muna dtigeadh an bhean stráinséara seacht mbliadhna go h-Ifreann ar a shon. Dubhairt sí go dtiocfadh ac aire mhaith do thabhairt dá mathair agus don pháiste nó go dtiocfadh sí ar ais. Nuair a bhí sí ag imtheacht thug an fear a bhí marbh fáinne dí. Dubhair[t] sé leí chuile bhlas a gheobhfad sí lé n-ithe a chaitheam i dtrach agus breathnúghadh tríd(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Maighréad Bean Nic Con Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 48
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire Choill, Co. na Gaillimhe