Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus do thug an deoch dí. Chaith sí an fáinne síos san gcupán. "Ná tabhair d'aon duine é sin ac go d'athair" ar sise. Thug an buachaill beag an cupán dá athair agus d'aithnigh sé an fáinne agus bhí fhios aige go bí a bhean an bhí in Ifreann a bhí ann. Sheas sé i lár an tighe. Dubhairt sé leis na daoine go raibh sé ag dul ag cur ceist ortha. "Dá gcaillfeadh sibhse eochair agus go raibh sibh ag dul ag ceannacht eochair agus (go raibh) dá bhfághadh sibh an eóchair a bhí caillte agaibh an gceannóchaidh sibh an eochair"? Bhí athair an bhean a bhí sé a pósadh i láthair agus dubhairt sé nach gceannóchadh. Sin é a fhearacht agamsa anois é. Tá mo bhean imthighthe uaim lé ocht mbliadhna agus tháinig sí go dtí mé indiú. Phós sé an bhean a bhí in Ifreann aríst agus bhí saoghal sona sásta aca uaidh sin amach.
- Faisnéiseoir
- Maighréad Bean Nic Con Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 48
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire Choill, Co. na Gaillimhe