Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0070
- XML “Caisleán an Chaimiléaraí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)anois" adeir an mac nuair a bhí gach a raibh d'airgead aige caillte aige. "Má théighim abhaile" adeir sé. "Ní ghlacfaidh m'athair mé mar dubhairt sé liom an uair dheireannach dhá gcaithinn mo chuid airgid go fánach go bhféadfainn bóthar a bhuala[dh] arist". "Tá sé chomh maith dom" adeir sé "imtheacht ag saothrughadh i n'áit eicínt agus má bhíonn mé ann aríst agus má chastar claidhre an chaisleáin orm-sa bainfidh mise sásamh as". Bhuail sé chun bóthair aríst agus fuair sé posta an-árd agus bhí sé ag saothrughadh an-chuimse airgid.
Nuair a bhí an-lear cruinnighthe aige dubhairt sé leis féin go dtíocfadh sé go dtí cladhaire an Chaisleáin agus go mbainfeadh sé sásamh as. Tháinig sé chomh fada leis an gcaisleán agus é féin a d'fhiafruigh de fhear an Chaisleáin an mbeadh cluiche aige. Chuadar ag imirt agus bhí sé ag gnochtáil ar fhear an chaisleáin. Bhíodar ag imirt ariamh ariamh [!] nó gur chaill fear an chaisleáin gach a raibh d'airgead aige. Annsin chuadar ag imirt an Chaisleáin agus d'imir sé an caisleán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cladhnach, Co. na Gaillimhe