Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0073
- XML “An Mac Díchéillí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)céille agat go bráthach" acht labhair an feairín agus dubhairt "Sgaoil liom-sa bliadhain eile é agus b'fhéidir go múinfinn ciall dhó". "Tá go maith" arsa an t-athair agus tiubhraidh tú ar ais faoi cheann bliadhna é.
Dimthigh gach aon duine aca leó agus chuaidh an t-athair abhaile go dtí a bhean agus dinnis sé an sgéal dí faoi gach rud. Faoi cheann bliadhna chuaidh sé go dtí an charraig aríst agus ba ghearr go bhfaca sé an bád ag teacht go dtí é agus labhair sé leis an bhfeairín agus d'fhiafruigh se dhó an raibh ciall ag an mac indiú agus dubhairt an mac faoi cheann tamaill "Daithneóchainn bean thar fhear". Níor thaithnigh seo leis an athair agus dubhairt sé "Dheamhan blas céille a bhéas go deó agat". Dubhairt an feairín leis é leigint leis go ceann bliadhna eile agus bo mb'fhéidir go múinfeadh-se ciall dó. Acht rinne an t-athair dearmad a rádh leis é a thabhairt ar ais faoi cheann bliadhna.
Nuair a bhí an bhliadhain thart chuaidh sé go dtí an charraig acht ní fhaca sé an bád ag teacht. Chuaidh sé ann aríst agus aríst eile acht níor tháinig an bád ar ais go dtí é. Shuidh sé síos(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Bhreathnuigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 53
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe