Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0092
- XML “Amadán an Taois”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhó agus d'fhiafruigh sí dhó cé b'fhearr leis ceann beag is a beannacht ná an ceann mór is a mallacht. "Ó b'fhearr liom an ceann beag is do bheannacht" ar seisean. Fuair sé an ceann beag agus d'imthigh leis. Bhí sé ag imtheacht is ag síor-imtheacht nó go dtáinig sé go dtí teach feilméara. Chuaidh sé isteach agus d'fhiafruigh sé den fheilméara an raibh aon duine ag teastáil uaidh agus dubhairt seisean go raibh duine ag teastáil uaidh go géar mar go raibh garranta aige in aice lé gáirdín fathaigh agus go raibh faitchíos air go dtiocfadh a chuid beithidheach isteach ins an ngáirdín.
Bhí go maith, d'fhan an buachaill agus lár na bháireach chuaidh sé go dtí an ceardhchan lé slat iarainn a dhéanamh dhó. Dimthigh leis le na beithidhigh agus chuir sé isteach i ngáirdín an fathaigh iad agus chuaidh sé suas i gcrann agus tráthnóna thug sé abhaile a chuid beithidhigh agus ní raibh an oiread soithigh ag bean an fheilméara agus a choinneóchadh an bainne. "Ó faini[c?] arsa an feilméara an raibh siad i(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Scannláin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tóin an Chnoic, Co. na Gaillimhe