Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0098
- XML “Amadán an Taois”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)arís agus tháinigh abhaile agus chuir air an chulaith eile. Nuair a tháinig an feirmeói[r] agus a bhean abhaile d'fhiafruigh an buachaill an raibh aon sgéal aca agus dubhairt siad go raibh sgéal maith mar gur tháinigh fear agus gur shábháil sé inghean an ríogh.
Chuir an rí saighdiúirí ag iarraidh fhághailt amach cén duine a mbeadh an bhróg cheart aige agus go mbeadh an inghean le pósadh aige. Bhiódh cuid ag baint na méaracaí dóibh féin agus cuid eile na rúitíní féachaint an mbeadh an bhróg ceart aca. Bhí go maith is ní raibh go h-olc, bhí an bhróg feistighthe ag gach duine air féin acht ag an mbuachaill. Dubhradh leis go gcaithfeadh sé í a chur air. Chuir, agus sí bhí ceart aige. Chuir an Ríogh fios air agus nuair a chonnaic sé an chuma do bhí air, tháinig an-fhearg air agus dubhairt leis na searbhóntaigh teine a dhéanamh dhó nó go ndóghaidís é i ngeall ar a leithéid de amadán a thabhairt dhá inghean. D'iarr an buachaill ar an rígh ceathramha uaire a thabhairt dhó agus iad a bheith ag déanamh an teine nó go dtíocfadh sé féin. Is gearr(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Scannláin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tóin an Chnoic, Co. na Gaillimhe