Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0117
- XML “Taise Pháidín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Páidín na daoine ag rith mar seo, "Is dóigh" adeir sé leis féin "go mbeadh mise mall go maith ag an Aifreann agus an deifir seo bheith ortha seo". Baineann sé féin as ag rith. Nuair a chonnaich na daoine ag rith é ceap siad anois go cinnte gurbh é a thaise a bhí ann agus bhí a gcroidhe ina bhéal ag chuile dhuine aca.
Nuair a chonnaic siad ag teacht isteach an doras é, ritheadar síos go dtí an altóir in áit a raibh an sagart. "Céard atá mar sin orraibh" arsa an sagart. "Ó" arsa gach duine aca. "Tá an fear a chuir muid cúpla lá ó shoin ag rith in ár ndiaidh". "Cé hé" sin arsa an sagart. "Tá Sean Pháidín" arsa siadsan. Chonnaic sé Páidín agus chuir sé cainnt air. D'innis Páidín dó gach ar thárla. "Sílim" arsa an sagart leis an daoine "gur sibhse a bhfuil an mearbhall orraibh agus nach é Páidín bocht". Dimthigh an sgáth agus an faitchíos dóibh annsin agus bhíodar mór go maith lé sean-Páidín uaidh sin i leith.- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Conghaola
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Bean táilliúra (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire an Fhéich, Co. na Gaillimhe