Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0124
- XML “Mac an Rí is a Dheirfiúr”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ba mhaor é agus bhí aon pháiste amháin aici leis. Ba ghearr gur bhris sí féin agus máthair an fhir amach lé chéile. Annsin d'imthigh sí agus thug sí léithe a páiste agus bhí sí ag imtheacht agus ag síor-imtheacht nó gur casadh isteach i dteach í. Cé bheadh san teach seo acht an mhaighdean Mhuire. Dubhairt sí leí a theacht anuas ag an teine agus an páiste a bhaint gá druim. "Ó" adeir sí "níl aon lámh orm agus níl me i ndon. "Ó féach leis" adeir an Mhaighdean Mhuire". D'fhéach agus tháinig dhá láimh uirthe chómh bréagh agus a bhí ariamh. Ba ghearr in a dhiaidh sin gur chuala sí go raibh a dearbhráthair ar leaba an bháis in áit a ndeacha dealg-sgeiche in a chois agus bhí an dealg ag fás amach as mullach an tighe.
Dimthigh sí annsin agus ba ghearr go dtáinig sí go dtí an teach. Chuaidh sí isteach argus sheas sí ag an doras go cumhal. Dubhairt bean an Ríogh leí imtheacht nó go gcuirfeadh sí na gadhair innte. Ba ghearr go dtáinig an dochtúr aniar ag iarraidh deoch don rí agus nuair a bhí sé ag dul thairste chaith sí a fáinne síos(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire an Fhéich, Co. na Gaillimhe