Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-Scoil eile a bhí i Rosabhíl.Tá sean teach thíos i Rosabhíl i ngarraidhe Sheáin Uí Fhlaithbhearta anois. Tuairm's céad go leith bliadhain ó shoin cheannuigh fear cuid den duithche seo ó na Blácaigh. Cheannuigh sé an talamh ó Mhaorus treasna agus suas go Doire Choill agus sé an margadh a rinneadh go mbeadh an talamh ag an bhfear seo agus cíos na ndaoine air nó go bhfuigeadh sé bás. Bhí sé in a chomhnuidhe ins an teach seo. Níor mhair sé i bhfad. Dhá chíos a thóg sé.
Tar éis bás an fhir seo tháinig máighistir sgoile ins an teach agus d'fhan sé ann suas lé chuig bhliadhna. Mr Mellin an t-ainm a bhí air. Is cuimhneach le na sean daoine i Rosabhíl é a fheicheál. Bhí an teach saor ó chíos aige agus bheathuigh na daoine in aisge é. San teach bhiodh scoil aige. Teach an-árd a bhí ann. Níl fághtha acht na ballaí anois agus tá corr dhuine ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádhraig Mac Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 29
- Seoladh
- Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe