Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)

Suíomh:
Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig Ó Heidhin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0148b

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0148b

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doireadh
  2. XML Leathanach 0148b
  3. XML “An Battery”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    suas go bárr. Acht nuair a bheitheá san doras ag dul isteach dhuit chaithfeá a dhul síos sé troighthe nó mar sin síos ar thaobh an bhalla agus gan agat le breith air acht cloch as an mballa agus bhead sé deacair dhuit thú féin a leigint síos ar an urlár acht tá leachta beag cloch ar an urlár faoi do chosa.
    Tá tobar istigh ann acht go bhfuil leac ós a chionn. Thiocfá suas i mullach an tighe bhig agus isteach san bhfuinneóig agus suas an staighre go dtí an bárr. Tá gunna mór thuas ann agus tá na cosa iarainn a bhí faoi caithte ar an urlár. Bheadh cineál díog clocha timcheall ort agus é láidir ó dheas mar dubhras cheana. Tá bior mór iarainn aníos fríd an urlár ar a mbíodh an gunna mór crochta agus d'fhéádfaí a aghaidh a chasadh ins gach ceárd, bhead faithchíos ort ar a bhárr bheitheá chómh h-árd sin ó'n talamh.Tá luaidhe leághta idir na clocha atá san mballa agus bioranna fríd na clocha dá gceangailt dhá chéile agus mar sin tá sé an-láidir déanta. Is as Árainn a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Colm Ó Maoil Eoin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Tóin an Chnoic, Co. na Gaillimhe