Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Na hAille, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: M. Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- XML Leathanach 0540
- XML “Pisreoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dorcha.
18. Deirtear nach ceart aon rud a dhéanamh ar easóig mar dhá gcaithfeadh sí smugairle leat deirtear go gcaillfidh thú.
19. Dhá mbeadh duine ag dul ag iasgach agus dhá mbeadh bean ruadh roimhe deirtear nach mbeadh an t-ádh air an lá sin.
20. Dhá bhfeicfeá an snag breac deirtear nach mbeadh an t-ádh ort an t-am sin.
21. Deirtear dhá rachadh duine thar chosa dhuine eile nach mbeadh an duine sin ag méadúghadh.
22. Dhá bhfeicfeá capall bán ar maidin deirtear nach mbeadh an t-ádh ort.
23. Dhá mbeadh duine ag pósadh chuirfeadh sé éadach iasachta air féin.
24. Dhá ngabhfadh easóig treasna casáin deirtear nach ceart a dhul an casán sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Gríobhtha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cor na Rón, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Fháthartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cor na Rón, Co. na Gaillimhe