Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cácaí milís. Chuaidh tom isteach ann agus tosuig sé ag corruigh. Chuaidh an bosca amach an doras sios an sthaighre agus sios bóthar na chéibhe agus amach sa bhfairrge mór agus bhí sé ag ite cácaí milís nuair a bhí ocras air.Casadh long do agus thóg na daoine a bhí sa long an bosca. Dosgail siad an bosca agus nuair a chonnaic siad Tom caith siad sa bhfairrge é mar bhí faithciosacu roime. Tháinig easgrain agus dith sí é. Bhí sé tamhall mhaith san easgrain agus lá amháin bhí fear ag iasgeach agus rug sé ar an easgain agus thug sé abhaile í. D'osgail se í agus tháinig Tom amach. Chuaidh sé abhaile agus dfhan sa mbaile níos mó.
- Bailitheoir
- Feichín Ó Flaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Donnchad
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carna, Co. na Gaillimhe