Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)snáta dubh don olann dubh. Fághann siad crann mór annsin agus déanann siad críoseanna mór den snáta bán. Túgann siad go dtí an fíadaóir é annsin agus tá seól mór aige agus cuireann sé an snáta bán isteach ann agus nuair a bíonns gach rud déanta aige leis fághann sé túirne beág agus deanann sé círtliní beaga de’n snáta dubh. Suidheann sé síos ar stól bheag annsin agus leágeann sé a chósa ar píosa beág iarainn atá sa seól. Fághann sé an snáta dubh annsin agus tosuigheann sé dá cur isteach agus amach idir an snáta bán agus ag cur ola air. Nuair a bhíonns sé reidthe aige annsin cuireann sé sgéal ag an duine ar leis é. Nuair a thúgann sé leis é tágann go leór mná le céile agus glanann siad é. Sin é an caoi a déanfadh muínthear na h-áite seo é fadó acht ní h-é anois. Cuireann siad an olann go Gaillimh anois agus bhíonn sé déanta glánta nuair a baíle anois an cuid is mó dé, agus an cuid eile bhíonn snáta déanta de. Do bíodh an fonn ar na mná a bheith ag sníomh agus ag cardáil fadó acht níl na mná atá ann anois i ndon sníomh na cardáil a deanamh.
- Bailitheoir
- Bairbre Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Maire Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe