Scoil: Leitre (uimhir rolla 16164)
- Suíomh:
- Liataire, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Reachtaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitre
- XML Leathanach 062
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear bocht agus a thriúr mac i n-a gcomhnaidhe i mbaile beag. Bhí fear saidhbhir i n-a chomhnaidhe i n-aice leo agus bhí inghean dathamhail aige. Thárla gur thuit an triúr mac i ngrádh leis an gcailín aluinn seo agus tháinic siad chuig a h-athair chun socrú a dhéanamh eatorrtha cé gheobhfadh i chun pósadh. Rinne an fear saidhbhir margadh ar an ndóigh seo - thug sé an suim céadna airgid do gach duine den triúr agus dubhairt sé go mbéadh a inghean ag an bhfear a cheannóchadh an rud b'fhiúnta le na chuid airgid. Chinn an triúr mac scarmhaint ó chéile le sin do dhéanamh ach shocruigh siad le casadh ar chéile ag cros-bhóithre áithrid i gceann sé mhí.
Bhuail an chéad mhac an bóthar agus lean ar aghaidh go dtáinic sé go dtí siopa ar an slighe. Chonnaic sé sgáthán deas san tsiopa agus chuaidh sé isteach le n-a cheannacht. Dubhairt bean an tsiopa leis, ámhthach, nach raibh sí sásta an sgáthán do dhíol go réidh. "Cén difridheacht atá idir é agus a mhacsamhail i n-aon tsiopa eile?" ars an fear. "Tá" adeir an bhean "mar is féidir leis an sgáthán seo duine no áit atá i bhfad uait(leanann ar an chéad leathanach eile)