Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)
- Suíomh:
- Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Hannraoi Ó Coinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Mór Iata
- XML Leathanach 154
- XML “Oíche na Gaoithe Móire”
- XML “Oíche na Gaoithe Móire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus deireann na sean daoine gurbh shin é an fáth atá na talta thiar ar bruach na fairrge briste bearnach agus rinneadh go leor oileán freisin. Na scadán agus na ronnaibh a bhí sa bhfairrge cuireadh isteach ar bárr na gcnoc iad agus ar barr binn Uí Bhricán iad agus an fheamonn i rópaí thart ortha. Glaoidh na daoine binn Uí Bhricán ar an gcnoc sin ó shoin. Rinneadh amhrán agus dáin fhada faoi oidhche na Gaoithe Móire. Ar oidhche Cinn an dá lá déag a tharla sé. Bhí na mná ag béiceadh ar maidin agus ag glaoidheach ar a gcuid páistí a bhí faoi sgrathacha agus clochaí agus cuid acu marbh. Bhí an oiread gaoithe ann is go raibh na capaill ag tuitim le lagar.
- Tá sé tuairm is céad bliadhain ó shoin ó bhí Oichdhe na Gaoithe Móire ann. Oidhche Chinn an dá lá dhéag d'eirigh stoirm mór agus tógadh na tighthe ar na daoine agus craitheadh an talamh. An t-iasg a bhí san bhfairrge sgubadh isteach ar na sleibhtibh iad ag an t-sáille. Nuair a bhí an sáille istigh ar na sleibhtibh bhí siad ar nós sneachta bán. Bhí beirt(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Tomás Seoige Mhícheál
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Uillinn Thiar, Co. na Gaillimhe